Skip to main content

Comhdháil Cinnbhliana 2024

Tháinig Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge (COFG.ie) le chéile dá gComhdháil Bhliantúil in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar an Déardaoin 16 Bealtaine 2024

Bhí Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Efa Gruffudd Jones, mar aoichainteoir ar an lá agus í ag labhairt ar thaithí na tíre sin le córas caighdeán teanga, mar atá beartaithe a chur in áit in Éirinn faoi bhun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021. Reáchtáileadh ceardlanna éascaithe chomh maith ar an lá, a thug deis do bhaill an Chumainn a dtaithí a roinnt maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí.

Is scátheagraíocht é an COFG ar oibrithe san earnáil phoiblí in Éirinn a bhíonn ag plé le dualgais teanga a n-eagras: soláthar seirbhísí trí Ghaeilge; tacaíocht forbartha teanga sa phobal; cúraimí cumarsáide; agus dualgais eile nach iad.

Is féidir fiosruithe a chur chuig eolas@cofg.ie le haghaidh tuilleadh eolais

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

COFG, Comhdháil Chinnbhliana in ÓCBÁC | DCU 16ú Bealtaine 2024. photo: Paul McCarthy

 

 

Comhdháil Cinnbhliana 2023

Tháinig Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge (COFG.ie) le chéile dá gComhdháil Bhliantúil in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar an Déardaoin 25 Bealtaine 2024 chun impleachtaí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (Leasaithe) a phlé.

Reachtáileadh suirbhé ar bhaill COFG agus bhí beirt éascaitheoirí againn, a stiúraigh 3 seisiúin thobsmaointeoireachta leis na baill.

 

 

 

COFG, Comhdháil Chinnbhliana in ÓCBÁC |

DCU 25 Bealtaine 2024.

Photography by Fionán O’Connell

Comhdháil COFG 2022

Reáchtáladh comhdháil bhliantúil an COFG i bpearsan den chéad uair ó thús na paindéime ar an 16 Meitheamh 2022. Is mór an méid a pléadh le linn na hócáide ar ábhar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (Leasú), ina measc sin na hacmhainní agus bealaí forbartha a bheidh ag teastáil chun na dualgais teanga faoina bun a chomhlíonadh.

Chuir Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, fáilte roimh gach éinne go dtí oifigí an Fhorais i mBaile Átha Cliath ar an lá. Ba é Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers T.D., a d’oscail an Chomhdháil go hoifigiúil. D’fhreastal thart ar thríocha Oifigigh Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí fud fad na tíre ar an gComhdháil, áit ar chuala siad ó Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, agus ón gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill maidir le forálacha agus feidhmiú na reachtaíochta teanga nua.

Bhí deis ag baill COFG freastal ar cheardlanna um tráthnóna; ceardlanna ar oiliúint i bhfeasacht teanga, ar choistí logainmneacha sna údaráis áitiúla agus ar chúrsaí fógraíochta agus margaíochta. Tá an COFG buíoch d’Fhoras na Gaeilge as a dtacaíocht agus as a gcuid oifigí a chur ar fáil don lá.

Baill den Choiste COFG i dteannta Rónán Ó Domhnaill (Coimisinéir Teanga) agus Seán Ó Coinn (Foras na Gaeilge)

 

Cathaoirleach & Rúnaí COFG i dteannta Aodhán Mac Cormaic (Roinn na Gaeltachta) Breandán Mac Craith (FnaG), Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers agus Seán Ó Coinn (FnaG)

 

Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga

 

Comhdháil COFG, 2021 – Ag Pleanáil ar son na Teanga

Reáchtáladh Comhdháil Bhliaintúil 2021 COFG ar líne arís i mbliana, de bharr chúrsaí paindéime. Le tacaíocht agus áisíneacht ó Fhoras na Gaeilge, reáchtáladh an chomhdháil ar an 3 Meitheamh 2021 trí Fhíschomhdháil Zoom. Bhí tinreamh mór i láthair chun éisteacht le paineál chainteoirí a labhair mar gheall ar ghnéithe éagsúla a bhaineann le pleanáil ar son na teanga.

B’é Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, a d’oscail an chomhdháil go hoifigiúil. Chuir sé fáilte faoi leith roimh na hOifigigh Ghaeilge ó Thuaisceart Éireann a bhí ag freastal ar an gComhdháil, ag rá go bhfuil sé tábhachtach tacú le comhoibriú agus comh-fhoghlaim idir na hOifigigh Ghaeilge ó thuaidh agus ó dheas.

Cuireadh fáilte roimh Gwenith Price, Leas-Choimisinéir Teanga na Breataine Bige agus a comhghleacaí Steffan Jones. Labhair Gwenith mar gheall ar Chóras na gCaighdeán don mBreatnais atá i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag. Dhein sí cur síos ar an gcóras agus conas mar a oibríonn sé, ag díriú isteach ar fhorfheidhmiú agus ar na buntáistí a bhaineann le caighdeáin in-fheidhmithe a bheith ann, seachas córas “reachtaíocht bhog” mar a bhí i bhfeidhm le Scéimeanna Teanga. B’ábhar faoi leith spéise é seo dos na hOifigigh Ghaeilge i bhfianaise an méid atá beartaithe maidir le caighdeáin a thabhairt isteach sa tír seo i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) atá ag dul tríd Tithe an Oireachtais faoi láthair.

Ba í Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga le hÚdarás na Gaeltachta an dara aoi-chainteoir ag Comhdháil na bliana seo. Labhair Siubhán mar gheall ar chúlra agus chur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga sna limistéir éagsúla laistigh agus lasmuigh den nGaeltacht. Labhair sí maidir le deiseanna comhoibrithe idir na hOifigigh Ghaeilge sna heagraíochtaí Stáit agus na hOifigigh Phleanála Teanga sna Limisitéir Phleanála Teanga, bíodh is go bhfuil an sprioc comónta amháin ag gach duine – sé sin cur chun cinn na Gaeilge sa phobal.

Ba é Vivian Uibh Eachach, an Príomh-Aistritheoir le Rannóg an Aistriúcháin an duine deireannach chun labhairt. Thug sé cur sios ar stair agus ar obair na Rannóige ón chéad Dáil ar aghaidh. Chomh maith le léiriú a thabhairt ar an obair aistriúcháin reachtaíochta a deintear, labhair sé mar gheall ar iarrachtaí Rannóg an Aistriúcháin modh oibre agus cleachtas an dátheangachais a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais. Pléadh na slite gur féidir leis na hOifigigh Ghaeilge agus Rannóg an Aistriúcháin comhoibriú lena chéile ar mhaithe le dea-chleachtas maidir le húsáid na téarmaíochta nua-chumtha i nGaeilge.

Ba mhaith le Coiste COFG buíochas ó chroí a ghabháil leis na haoi-chainteoirí a ghlac páirt i gComhdháil na bliana seo agus leis na hOifigigh Ghaeilge ar fad a d’fhreastal ar an ócáid. Ár mbuíochas chomh maith le Foras na Gaeilge agus áisíneacht dhéanamh ar an gComhdháil.