Skip to main content

Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge

Gréasán tacaíochta agus urlabhra d’Oifigigh Forbartha Gaeilge san Earnáil Phoiblí agus Stáit ar oileán na hÉireann, is ea Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge (COFG).

Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo
Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo Profile Photo
Roinnt baill ó Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge ag Oireachtas na Gaeilge 2019

Cumann na nOifigeach
Forbartha Gaeilge

Feidhmíonn Oifigigh Forbartha Gaeilge sna hÚdaráis Áitiúla, i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, i nGníomhaireachtaí agus Ranna Stáit, in Institiúidí 3ú Leibhéal agus eile.

Post Speisialtóra is ea an post seo atá ag brath ar scileanna áirithe nach mbíonn ar fáil go sonrach ag oifigigh eile san earnáil agus seirbhís phoiblí.

COFG os comhair Comhchoiste an Oireachtais

Cur i láthair déanta ag COFG do Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (leasú) 2017.

Tháinig baill de Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge (COFG) os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (leasú) 2017. Rinne COFG aighneacht a chur isteach maidir leis an mBille. Dhírigh an aighneacht seo den chuid ba mhó ar na nithe seo a leanas:

  • Polasaithe Earcaíochta an Rialtais
  • Caighdeán Gaeilge
  • Rialacháin Chomharthaíochta
  • Coinníoll Conartha (d’obair thar ceann Comhlachta Phoiblí)
  • Ról na nOifigeach Forbartha Gaeilge

Bhí triúr ionadaí ó COFG os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Dé Céadaoin 7 Márta ar a 5pm. Ba iad sin Roibeard Ó hEartáin (Cathaoirleach), Orla McMorrow agus Emmet Ó Fatharta.

Eolaire na nOifigeach

Tá an cumann oscailte d’aon duine atá fostaithe mar Oifigeach Gaeilge, lán-aimseartha nó páirt-aimseartha, in aon seirbhís phoiblí & stáit ar oileán na hÉireann. Is anseo a gheobhfá liosta agus sonraí teagmhála formhór na nOifigeach ar fud na tíre, agus an tseirbhís lena mbaineann siad.

Airteagal 8

Os í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.

Léamh na Cúirte ar Airteagal 8

Tá dualgas ar an Stát an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chothabháil. Bheadh sé ag sárú an dualgais sin dá bhfógródh sé go buan go ndéanfaí feidhmeanna áirithe de chuid an Stáit i mBéarla, agus i mBéarla amháin.