Skip to main content
Comhdháil Cinnbhliana 2023

Comhdháil 2023 – Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU)

– Tháinig Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge (COFG.ie) le chéile dá gComhdháil Bhliantúil in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) ar an Déardaoin 25 Bealtaine 2024 chun impleachtaí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (Leasaithe) a phlé.

Reachtáileadh suirbhé ar bhaill COFG agus bhí beirt éascaitheoirí againn, a stiúraigh 3 seisiúin thobsmaointeoireachta leis na baill.

Gabhann COFG buíochas mór le hOifig na Gaeilge OCBÁC a chur fíorchaoin fáilte romhainn go dtí a gcampas, go háirithe Siobhán Seoighe, Oifigeach Gaeilge OCBÁC, a chabhraigh go mór linn an Chomhdháil seo a eagrú. Táimid an-bhuíoch.

Is scátheagraíocht é an COFG ar oibrithe san earnáil phoiblí in Éirinn a bhíonn ag plé le dualgais teanga a n-eagras: soláthar seirbhísí trí Ghaeilge; tacaíocht forbartha teanga sa phobal; cúraimí cumarsáide; agus dualgais eile nach iad.

Is féidir fiosruithe a chur chuig eolas@cofg.ie

 

 

COFG, Comhdháil Chinnbhliana in ÓCBÁC (DCU), 25 Bealtaine 2023.

Photography by Fionán O’Connell