Skip to main content
Sleamhnán ar ábhar an Phróiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht á thaispeáint ar scáileán ríomhaire

Comhdháil COFG, 2021 – Ag Pleanáil ar son na Teanga

Reáchtáladh Comhdháil Bhliaintúil 2021 COFG ar líne arís i mbliana, de bharr chúrsaí paindéime. Le tacaíocht agus áisíneacht ó Fhoras na Gaeilge, reáchtáladh an chomhdháil ar an 3 Meitheamh 2021 trí Fhíschomhdháil Zoom. Bhí tinreamh mór i láthair chun éisteacht le paineál chainteoirí a labhair mar gheall ar ghnéithe éagsúla a bhaineann le pleanáil ar son na teanga.

B’é Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, a d’oscail an chomhdháil go hoifigiúil. Chuir sé fáilte faoi leith roimh na hOifigigh Ghaeilge ó Thuaisceart Éireann a bhí ag freastal ar an gComhdháil, ag rá go bhfuil sé tábhachtach tacú le comhoibriú agus comh-fhoghlaim idir na hOifigigh Ghaeilge ó thuaidh agus ó dheas.

Cuireadh fáilte roimh Gwenith Price, Leas-Choimisinéir Teanga na Breataine Bige agus a comhghleacaí Steffan Jones. Labhair Gwenith mar gheall ar Chóras na gCaighdeán don mBreatnais atá i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag. Dhein sí cur síos ar an gcóras agus conas mar a oibríonn sé, ag díriú isteach ar fhorfheidhmiú agus ar na buntáistí a bhaineann le caighdeáin in-fheidhmithe a bheith ann, seachas córas “reachtaíocht bhog” mar a bhí i bhfeidhm le Scéimeanna Teanga. B’ábhar faoi leith spéise é seo dos na hOifigigh Ghaeilge i bhfianaise an méid atá beartaithe maidir le caighdeáin a thabhairt isteach sa tír seo i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) atá ag dul tríd Tithe an Oireachtais faoi láthair.

Ba í Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga le hÚdarás na Gaeltachta an dara aoi-chainteoir ag Comhdháil na bliana seo. Labhair Siubhán mar gheall ar chúlra agus chur i bhfeidhm an phróisis phleanála teanga sna limistéir éagsúla laistigh agus lasmuigh den nGaeltacht. Labhair sí maidir le deiseanna comhoibrithe idir na hOifigigh Ghaeilge sna heagraíochtaí Stáit agus na hOifigigh Phleanála Teanga sna Limisitéir Phleanála Teanga, bíodh is go bhfuil an sprioc comónta amháin ag gach duine – sé sin cur chun cinn na Gaeilge sa phobal.

Ba é Vivian Uibh Eachach, an Príomh-Aistritheoir le Rannóg an Aistriúcháin an duine deireannach chun labhairt. Thug sé cur sios ar stair agus ar obair na Rannóige ón chéad Dáil ar aghaidh. Chomh maith le léiriú a thabhairt ar an obair aistriúcháin reachtaíochta a deintear, labhair sé mar gheall ar iarrachtaí Rannóg an Aistriúcháin modh oibre agus cleachtas an dátheangachais a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais. Pléadh na slite gur féidir leis na hOifigigh Ghaeilge agus Rannóg an Aistriúcháin comhoibriú lena chéile ar mhaithe le dea-chleachtas maidir le húsáid na téarmaíochta nua-chumtha i nGaeilge.

Ba mhaith le Coiste COFG buíochas ó chroí a ghabháil leis na haoi-chainteoirí a ghlac páirt i gComhdháil na bliana seo agus leis na hOifigigh Ghaeilge ar fad a d’fhreastal ar an ócáid. Ár mbuíochas chomh maith le Foras na Gaeilge agus áisíneacht dhéanamh ar an gComhdháil.