Skip to main content

COFG

Gréasán tacaíochta agus urlabhra d’Oifigigh Forbartha Gaeilge san Earnáil Phoiblí & Stáit ar oileán na hÉireann, is ea Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge (COFG).

Mar chuid dár ndualgais, tacaímid lenár n-eagraíochtaí féin san earnáil phoiblí chun Seirbhísí Custaiméara a sholáthar trí Ghaeilge de réir ár Scéimeanna Gaeilge agus de réir Forálacha, Rialacháin agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tacaíonn an gréasán lena chéile tríd eolas a roinnt, taithí a mhalartú, agus cur chuige comónta a phlé agus a aontú ar mhaithe le dea-chleachtas, éifeachtacht agus luachairgid.

Deintear seo go príomhdha ag comhdháil bhliantúil, ag seimineár ag an Oireachtas, ag comhoibriú le hOifig an Choimisinéara Teanga, eolas a chur ar shuíomh idirlín an chumainn a agus ráitis agus moltaí a eisiúint de réir mar is cuí.

Plécháipéis COFG – Meán Fómhair 2017

Plechaipeis
Plechaipeis

Cuireadh Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge ar bun le go mbeadh comhoibriú, cumarsáid, agus malartú eolais idir na hOifigigh Forbartha Gaeilge sa tseirbhís phoiblí ar mhaithe le feabhas a chur ar na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge don phobal.

Tá sé mar phríomhchuspóir ag Stát na hÉireann úsáid a bhaint as an nGaeilge, agus í a chothabháil. Is é príomhaidhm Acht na dTeangacha Oifigúla, 2003 ná an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh mar ghnáth-theanga chumarsáide ó lá go lá leis an Stát.

Ní gá go mbeadh sé chomh deacair is atá Seirbhísí Custaiméara trí Ghaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine agus do phobail Gaeilge na tíre.

Léiríonn an phlécháipéis seo, a d’ullmhaigh Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge, slí níos éifeachtaí chun an sprioc seo a bhaint amach, mar aon le luach airgid níos fearr a thabhairt don cháiníocóir. Má tá an toil ann … Is féidir linn!

Is féidir an plécháipéis a íoslódáil ag an nasc thíos.

Plécháipéis COFG (9280kb)