Skip to main content

Author: Roibeard Ó hEartáin

Comhdháil COFG, 2018

Reáchtáladh Comhdháil Bhliantúil COFG 2018 i gceanncheathrú na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) i mBaile Átha Cliath ar an 24 Bealtaine agus b’é Eugene Cummins, Cathaoirleach Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CCMA) agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Ros Comáin a d’oscail an chomhdháil go hoifigiúil.

Ba iad Colm Ó Coistealbha ó Oifig an Choimisinéir Teanga agus Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta a bhí mar aoichainteoirí na comhdhála. An Córas Faireacháin ar na Scéimeanna Teanga agus Bille na dTeangacha Oifigiúla a bhí idir lámha ag Colm Ó Coistealbha. Labhair sé faoi chonas a thugann Oifig an Choimisinéara Teanga faoi mheastóireacht a dhéanamh ar Scéimeanna Teanga na n-eagraíochtaí poiblí agus labhair sé ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla mar chuid den bpróiseas athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na rudaí atá ag teastáil chun an tAcht a láidriú agus níos mó chearta a thabhairt dóibh siúd a lorgaíonn seirbhís trí Ghaeilge ón Stáit. Phléigh an Aodhán Mac Cormaic Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2017 chomh maith, ag dul tríd an méid atá iontu faoi láthair.

Siad na téamaí a bhí faoi chaibidil ag na hOifigigh Ghaeilge féin agus iad ag glacadh páirte i sraith cheardlanna maidin na Comhdhála ná: Imeachtaí Gaeilge don Phobal a eagrú; Coistí Tacaíochta Gaeilge a bhunú in eagraíochtaí poiblí; agus Ról an Oifigigh Ghaeilge – Seirbhísí Corparáideach v Seirbhísí Pobail.

 

2018 Comhdháil COFG

 

Comhdháil COFG, 2017

Ba é an Comhairleoir Mícheál Mac Donncha, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath a d’oscail comhdháil bhliantúil COFG ar an 15 Meán Fómhair 2017, i gceanncheathrú na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) i mBaile Átha Cliath.

Mhol an tArd-Mhéara obair an Chumainn. Luaigh sé go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh gréasán idir na hoifigigh a bhfuil cúraimí teanga orthu, sa chaoi is go gcinnteofaí go mbeadh dea-chleachtas á roinnt. Luaigh sé freisin na dúshláin a bhí ann le soláthar seirbhísí Gaeilge do phobal labhartha Gaeilge na tíre, ach go bhfuil beart de réir briathair á dhéanamh gach lá ag an Oifigeach Gaeilge ina lá oibre.

Ba iad An Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill, agus an Teachta Dála Joe McHugh, Aire Stáit na Gaeilge agus Gaeltachta, aoichainteoirí na comhdhála. Scéimeanna Teanga a bhí idir lámha ag An gCoimisinéir Teanga. Luaigh sé gur léirigh an staidéar atá déanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga ar chóras na scéimeanna teanga go bhfuil gá anois féachaint ar bhealach nua chun seirbhísí stáit d’ard chaighdeáin a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge. Phléigh an Aire Stáit Joe McHugh Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2017.

Reáchtáladh ceardlanna ar maidin le deis a thabhairt do na hOifigigh Gaeilge ó chomhlachtaí poiblí éagsúla dea-chleachtas a roinnt lena chéile, chomh maith le cur leis an saineolas a bhíonn á úsáid ag na hOifigigh a bhíonn ag plé le cúrsaí teanga ina gcuid oibre. Reáchtáladh ceardlanna ar chúrsaí oiliúna na Gaeilge sna comhlachtaí poiblí, ar Logainmneacha agus ar conas is féidir seirbhísí Gaeilge a phoibliú.

2017 Comhdháil COFG

Aighneacht COFG – Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017

Aighneacht Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge i dtaobh pointí a shoiléiriú i nDréacht-Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla.

Pointí le soiléiriú i nDréacht-Cheannteidil an Bhille

  1. Moltar gurb é an ‘leagan Gaeilge’ a bheidh ina bhunthéacs ar an mBille.
  2. Moltar na gráid seirbhíse ginearálta do na Comhlachtaí Poiblí éagsúla a shonrú sa
    chuid ‘Réamhrá & Ginearálta’ den Bhille.
  3. D’fhéadfaí an chéad alt i gCeannteideal 9 a léamh mar ‘20% d’earcaigh nua do na
    hoifigí lonnaithe sa Ghaeltacht’, go háirithe sa leagan Béarla den téacs. Moltar seo a leasú le ‘agus 100% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge i ngach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ionas gur féidir leis na hoifigí seo feidhmiú trí mheán na Gaeilge’
  4. D’fhéadfaí an bhrí a bhaint as nach mbainfeadh an córas earcaíochta nua de 20% leis na Comhlachtaí Poiblí ach le comórtais earcaíochta atá eagraithe ag PAS amháin. Molta seo a leasú le ‘agus arna riar ag gach Comhlachta Poiblí’ a chur i bpointí 1-3.
  5. Níl aon tréimhse ama luaite leis an Nóta Míniúchán, rud a fhágann go bhféadfadh Lá Philib a’ Chleite a bheith mar an spriocdháta chun an cuspóir seo a bhaint amach. Moltar seo a leasú le ‘céatadán earcaíochta XXXX a leagadh síos don Earnáil Phoiblí le teacht i bhfeidhm ó dháta XXXX (faoi leith)’

Ceannteideal 9 Alt Nua: Earcaíocht don earnáil phoiblí

Ag féachaint do na cuspóirí foriomlána go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, ‘agus 100% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge i ngach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ionas gur féidir leis na hoifigí seo feidhmiú trí mheán na Gaeilge’ go bhfeidhmeoidh gach oifig phoiblí lonnaithe sa Ghaeltacht trí mheán na Gaeilge agus go méadófaí acmhainneacht chomhlachtaí poiblí seirbhísí poiblí a sholáthar trí Ghaeilge, foráil a dhéanamh:

  1. Maidir le comórtas ar leithligh do chainteoirí Gaeilge a reáchtáil do gach feachtas earcaíochta sa tseirbhís phoiblí do ghráid seirbhíse ginearálta arna riar ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus arna riar ag gach Comhlacht Poiblí.
  2. Maidir le gach grád eile sa tseirbhís phoiblí, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus  Athchóirithe agus aon Aire eile nó Ceann comhlachta phoiblí a mheasfaidh an tAire is gá, a ordú don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus do gach Comhlacht Poiblí comórtais ar leithligh a bhunú do chainteoirí Gaeilge.
  3. Féadfaidh an tAire grúpa comhairleach a bhunú lena n-áireofar ionadaithe don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus aon chomhlacht poiblí eile, de réir mar is cuí, chun comhairle a chur ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus ar gach Comhlacht Poiblí maidir leis na comórtais earcaíochta agus an cuspóir líon na gcainteoirí Gaeilge atá in ann feidhmiú go dátheangach a mhéadú sa tseirbhís phoiblí, agus an soláthar cainteoirí Gaeilge in oifigí lonnaithe i limistéir Ghaeltachta nó a fhreastalaíonn ar limistéir Ghaeltachta a chinntiú.
  4. Maidir leis an Aire do shonrú le Rialachán an modh ina ndéanfar cainteoirí Gaeilge a n-éireoidh leo i gcomórtais earcaíochta na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí a leithroinnt ar chomhlachtaí poiblí.

Nóta Míniúcháin
Leis na forálacha seo léirítear aidhm an Aire an cion de chainteoirí Gaeilge a earcaítear don tseirbhís phoiblí a mhéadú go 20% san fhadtréimhse, ‘trí chéatadán earcaíochta XXXX a leagan síos don Earnáil Phoiblí le teacht i bhfeidhm ar an dáta XXXX’ ar an gcaoi sin ag méadú acmhainneacht comhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar i nGaeilge do chainteoirí Gaeilge agus do phobail Ghaeltachta.

Ceannteideal 10 Alt Nua: Caighdeán a thabhairt isteach

  1. Fáiltímid roimh Cheannteideal 10 maidir le deireadh a chur leis na scéimeanna teanga agus Caighdeáin a thabhairt isteach ina n-áit. Ar mhaithe le praiticiúlacht, le héifeachtúlacht agus chun dea-thoil agus dea-mhéin a chothú i measc na gcomhlachtaí poiblí chomh fada is a bhaineann sé le dualgais teanga de, moltar go gcuirfí síniú ama leis na scéimeanna teanga reatha atá i bhfeidhm in eagraíochtaí éagsúla go dtí go mbeidh an reachtaíocht nua in áit.Ní luíonn sé le ciall a bheith ag iarraidh ar chomhlachtaí poiblí tosnú ar an bpróiseas chun scéimeanna teanga nua a chur le chéile (agus an obair agus maorlathas ar fad a bhaineann leis sin) fad is atá reachtaíocht a chuirfidh deireadh leis na scéimeanna teanga céanna idir lámha, go háirithe agus an méid atá luaite ag an gCoimisinéir Teanga agus ag Roinn na Gaeltachta féin sa Nóta Míniúcháin le Ceannteideal 10 “Léiríonn maolú seo na scéimeanna teanga nach bhfuil siad éifeachtach níos mó.” Trí bheith ag iarraidh ar chomhlachtaí poiblí tabhairt faoi scéimeanna nua sa chomhthéacs seo, cothaíonn sé droch-cháil agus droch-mheas i leith na Gaeilge agus ní dóigh linn go gcabhraíonn sé le cás forbairt agus cur chun cinn na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí.

Ní mór feidhm na mbearta i scéim teanga aon chomhlachta phoiblí a shoiléiriú tráth a cuirfear tús le córas na gcaighdeán. Moltar go bhfanfaidh na bearta seo i bhfeidhm ach teacht ar aontú leis an gCoimisinéir Teanga le faomhadh ón Aire gur féidir na
bearta a chur ar leataoibh.

Má tá beart áitiúil sa scéim i réimse nach dtagann faoi réir na gcaighdeán a leagtar ar an gcomhlacht, nó má tá beart níos uaillmhianaí socraithe cheana féin in aon réimse a thagann faoi réir na gcaighdeán, an mbeidh sé de dhualgas i gcónaí ag an gcomhlacht sin an beart a
chomhlíonadh? Nó an mbeidh ualach laghdaithe i gceist ar leibhéal comhionann leis na comhlachtaí eile lena rangaítear é?

A chara,
Seo leanas thíos moltaí Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge, moltaí atá bunaithe ar an bplécháipéis ‘Seirbhísí trí Ghaeilge do Phobal na hÉireann – COFG’, gur féidir a íoslódáil ón suíomh idirlín ag https://cumannofg.wordpress.com/
Is sinne, le dea-mhéin,
__________________________________
Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge
Cathaoirleach: Roibeard Ó hEartáin, Co. Chiarraí.
Rúnaí: Máire Seó Breathnach, Cathair & Co. Phort Láirge.
Oifigeach Caidrimh Poiblí: Ailish Bhreathnach, Cathair na Gaillimhe.
Comhfhreagras: Rúnaí COFG, Baile na Móna, Béal Abha, Aird Mhór, Co. Phort Láirge.

Polasaí Earcaíochta
Moltar polasaí earcaíochta nua a chur in áit sa tSeirbhís Ceapacháin Phoiblí agus sna Comhlachtaí Poiblí, ina mbeidh Gaeilge labhartha líofa ag 30% d’fhostaithe nua a bheidh ag feidhmiú ar an líne tosaigh san Earnáil Phoiblí, go dtí go mbeidh suas le 20% den bhfoireann chuí in ann seirbhísí a sholáthar go compordach i nGaeilge.

Ar mhaithe le Seirbhísí trí Ghaeilge a thairiscint don phobal ón Earnáil Phoiblí i gcoitinne, moltar go mbeidh dátheangachas feidhmiúil, sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, ag baill foirne sna poist seo a leanas:

  • Oifigigh ag Grád 3, 4 agus 5 sna hÚdaráis Áitiúla agus a gcomhionainn i ngach Comhlacht Poiblí eile, a sholáthraíonn seirbhísí custaiméara ag an líne tosaigh ar nós cuntar poiblí agus malartán.
  • Oifigigh eile san Earnáil Phoiblí a bhíonn ag plé go rialta leis an bpobal, ar nós Oifigigh Forbartha Gaeilge, Oifigigh Phreasa, Oifigigh Seirbhísí Custaiméara agus Leabharlannaithe.
  • Oifigigh lonnaithe nó ag obair go rialta sa Ghaeltacht, ina measc Oifigigh Riaracháin agus Innealtóirí áitiúla sna hÚdaráis Áitiúla, agus oifigigh áitiúla i gComhlachtaí Poiblí ina measc An Post, An Garda Síochána, An Roinn Coimirce Sóisialaí, Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte, Roinn na Mara agus oifigigh áitiúla i ngach Comhlacht poiblí eile.

Caighdeán Gaeilge

  • Chun plé iomlán a dhéanamh le custaiméirí líofa agus Gaeltachta trí Ghaeilge gan iompú ar an mBéarla, moltar pas le gradam i labhairt na Gaeilge ag TEG B2*, nó a macasamhail, a bheith acu.
  • Má tá Oifigigh le litreacha bunúsacha a scríobh agus a fhreagairt trí Ghaeilge, mar aon le fógraí agus comharthaí gairide a dhréachta, moltar pas i scríobh na Gaeilge ag TEG B2*, nó a macasamhail, a bheith acu.* Bunaithe ar Teastas Eorpach na Gaeilge, atá aitheanta ag an tSeirbhís Ceapacháin Poiblí.

Rialacháin Chomharthaíochta

Moltar Lámhleabhar na gComharthaí Tráchta a chur faoi Rialacháin Chomharthaíochta Acht na dTeangacha Oifigiúla, mar aon cháipéis amháin a bheidh ina threoir chomónta ar chomharthaíocht dhátheangach don earnáil phoiblí, agus í bunaithe ar chóras dathchódaithe, seachas cló iodálach, chun go ndéanfar idirdhealú idir an téacs Gaeilge agus Béarla.

Faoi láthair tagann codanna den Lámhleabhar salach ar rialacháin Acht na dTeangacha Oifigiúla. Cothaíonn seo deacrachtaí dóibh siúd atá freagrach as comharthaí a chrochadh, mar shampla… comharthaí do charrchlós v. comharthaí sráide agus comharthaí ar nós ‘Pobal ar Aire’.

Coinníoll Conartha (d’obair thar ceann Comhlachta Phoiblí)

Moltar go gcuirfí coinníoll san Acht Leasaithe le deimhniú gur gá aon obair a dhéantar thar ceann comhlachta phoiblí nó eagras stáit cloí leis an Acht bunaidh, leis an Acht leasaithe agus le haon bheartas, ordú nó rialachán eile faoi bhun an dá phíosa reachtaíochta sin.

Baineann doiléireacht nach beag le coinníollacha teanga i gcás seirbhísí, oibreacha agus tionscadail a thagann faoi stiúir cuideachta tríú pháirtí ag obair thar cheann comhlachta phoiblí nó eagras stáit .i. an bhfuil feidhm ag an Acht bunaidh nó ag scéim an chomhlachta orthu. Ina theannta sin, is léir sa lá atá inniu ann go bhfuil ról substainteach ag soláthraithe ón earnáil phríobháideach obair de chuid na
seirbhíse poiblí a dhéanamh ar conradh.

Is é an t-amhras atá ann ná go mbíonn bearnaí i soláthar seirbhís trí Ghaeilge don phobal nuair nach bhfuil cinnteacht ó thaobh dhualgais teanga de i gcás seirbhísí tríú pháirtí. D’fhéadfadh an coinníoll seo a chomhlíonadh tráth dhréachtaithe aon chonradh nó aon chreatlach seirbhíse nua.

Ról na nOifigeach Forbartha Gaeilge

Cé go n-aithnímid nach dtagann post agus ról na nOifigeach Forbartha Gaeilge faoi scáth na reachtaíochta atá idir chaibidil san aighneacht seo, is fíor go dtiteann cúraimí agus freagracht maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar na hOifigigh seo (in eagraíochtaí ina bhfuil a leithéid ag feidhmiú). Tá ról bunúsach agus lárnach ag na hOifigigh Forbartha Gaeilge ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge agus feidhmiú na reachtaíochta sna comhlachtaí stáit ina bhfuil siad.

Mar sin, chun go mbeidh na hOifigigh seo ábalta tacaíocht shásúil a thabhairt do Chomhlacht Poiblí ó thaobh na teanga de, ní mór féachaint chuige go bhfuil obair na nOifigeach Forbartha Gaeilge aitheanta mar phost sainiúil ag leibhéal sinsearach sna Comhlachtaí Poiblí ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh ceist na Gaeilge á cur san áireamh agus polasaithe ‘s straitéisí a bheartú ag na Comhlachtaí Poiblí.

Moltar obair an Oifigigh Forbartha Gaeilge a aithint mar phost sainiúil ag leibhéal sinsearach san eagraíocht lena cinntiú go n-áireofaí an Ghaeilge i ngach gné d’fheidhmiú na heagraíochta sin.

Tá cuid mhór de na hOifigigh Forbartha Gaeilge ag feidhmiú ina gcuid eagraíochtaí ag leibhéal atá róíseal chun dul i bhfeidhm ar na heagraíochtaí sin. Is minic dá bharr go mbíonn ar na hOifigigh déileáil le gníomhaíochtaí a sháraíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla chun iad a chur ina gceart mar aon le gearán ón bpobal nó ón gCoimisinéir Teanga. Is féidir go gcothaíonn seo costas breise ar an eagraíocht, costas nach mbeadh ann dá gcuirfí an Ghaeilge san áireamh ag tús an phróisis. Ní mór ról comhairleach agus an grád cuí, a thabhairt do na Oifigigh Forbartha Gaeilge agus reachtaíocht, próiseas oibre, polasaithe agus straitéisí á ndréachtú agus á bhforbairt.

Faoi láthair tá ról an Oifigigh Forbartha Gaeilge an-éagsúil ó eagraíocht go chéile, ó thaobh grád, feidhmeanna, cúraimí poist, riachtanais teanga agus rannóg de. Tráth dá raibh bhí Coiste Gaeilge faoi chúram na nÚdarás Áitiúil ann, arna raibh Oifigigh Forbartha Gaeilge páirteach, rud a thug soiléireacht do ról na nOifigeach mar aon le treoir agus cur chuige leanúnach ó thaobh seirbhísí a fhorbairt agus a sholáthar trí Ghaeilge.

2017 Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017 – Aighneacht COFG (653kb)

Litir chuig an Taoiseach, Éanna Ó Cionnaith TD, 2014

A Thaoisigh, a chara,

Fáiltíonn Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge roimh fhógairt Choimisinéara Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill ag an Rialtas le déanaí. Sin ráite, is mór an chúis imní dúinn go bhfuil na constaicí céanna a thug ar Sheán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga reatha, éirí as an bpost fós os comhair an Choimisinéara nua.

Mar eagraíocht atá meáite ar an seirbhís Gaeilge is fearr ón tSeirbhís Phoiblí a fhorbairt do chustaiméirí, is mian linn tú a choimeád ar an eolas faoin obair atá ar bun againne ar an líne tosaigh chun cuspóirí Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhíorú agus ár gcuid moltaí chun sin a dhéanamh sa tslí is éifeachtaí gan aon chostas breise a chur os do chomhair amach.

Easpa Foirne le Gaeilge
Tá leibhéal na seirbhísí trí Ghaeilge atá á cur ar fáil ag comhlachtaí poiblí sa nGaeltacht, agus lasmuigh di, ag braith go hiomlán ar dhóthain foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge a bheith ar fáil chuige sin. Ní féidir a bheith cinnte go mbeidh foireann le hinniúlacht sa Ghaeilge ar fáil faoin gcóras mar atá, agus dá bharr sin, tá soláthar seirbhísí trí Ghaeilge míshásúil. Cothaíonn seo easpa muiníne i measc muintir na Gaeltachta in ábaltacht an Stáit seirbhísí Ghaeilge d’ard chaighdeán a chur ar fáil, rud a dhíspeagann lucht labhartha na Gaeilge na seirbhísí seo a éileamh, ainneoin a gcuid cearta faoin mbunreacht.

Is é an dlúth cheangal idir soláthar seirbhísí trí Ghaeilge agus earcaíochta sa tSeirbhís Phoiblí croí na ceiste. Is léir go bhfuil an bac ar earcaíocht sa tseirbhís phoiblí ag cur isteach ar infhaighteacht fhoirne le Gaeilge mar atá molta ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin sa cháipéis, ‘Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003’ (Iúil 2011) – Moladh Uimhir 6, lth 15. Mura ndéanfar a dhóthain daoine le Gaeilge líofa á earcú isteach sa chóras, sé sin 30% ar bhonn leanúnach, ní féidir bheith ag súil le seirbhísí Gaeilge a sholáthar i slí éifeachtach ná ar bheagán chostas.

Chuirfeadh réiteach na mórcheiste seo cúram an Stáit ó thaobh caomhnú na Gaeilge mar theanga phobal sa Ghaeltacht ar an mbonn cheart, rud a chomhlíonfadh ceann de phríomh chuspóirí Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais. I dteanna caomhnú na nGaeltachtaí, chuirfeadh an cinneadh seo ann féin ar chumas an Státchórais timpeallacht dearfach a chothú, ionas gur féidir le pobal na Gaeilge ar dtús agus pobal na hÉireann i gcoitinne, a gcuid gcúraimí a dhéanamh leis an Stáit trí Ghaeilge.

Córas na Scéimeanna Teanga
Ar mhaithe le cur le héifeacht ar bheagán costais, ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar chóras na Scéimeanna Teanga, córas atá an‐chiotach mar atá. Baineann go leor dlúthshaothair leis agus ní chruthaíonn sé aon chomhsheasmhacht idir sheirbhísí trí Ghaeilge trasna na hearnála poiblí. Tá roinnt mhaith deacrachtaí ag baint le cur i bhfeidhm chóras na Scéimeanna agus níl sé ag feidhmiú mar ba cheart. B’fhearr go mór ‘Sraith de Rialacháin Reachtúla náisiúnta a fhorbairt, ina gcuimsítear bun‐aidhmeanna agus dualgaisí Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na Scéimeanna Teanga éagsúla’.

Mar a mhol an Coimisinéir Teanga sa cháipéis thuasluaite ‐ Moladh Uimhir 5, lth 14 ‐ séard atá ag teastáil ná “cur chuige comhtháite a d’aithneodh na seirbhísí trí Ghaeilge is mó a bhfuil éileamh ag an bpobal orthu …… bunaithe ar rialacháin reachtúla ……. agus a leagfadh síos an leibhéal seirbhísí i nGaeilge a bheadh le soláthar ag comhlachtaí poiblí a bheadh rangaithe chuige sin de réir critéar ar leith.” Seo córas atá á bheartú don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag faoi láthair.

Ónár dtaithí féin ar an líne tosaigh oibríonn córas dá leithéid (féach seicliosta samplach iniata) agus chinnteodh rialacháin dá leithéid go mbeadh an Earnáil Phoiblí agus a gcuid custaiméirí ar aon tuiscint ar na seirbhísí trí Ghaeilge a bheadh ar fáil. “Bheadh sé de bhuntáiste …..go laghdófaí go mór an riachtanas foirne le plé leis an réimse seo ………..agus d’fhéadfadh comhsheasmhacht a bheith ann idir na hearnálacha éagsúla go léir”.

Ba mhór dúinn an deis lenár moltaí a phlé leat agus táimid ar fáil chun bualadh leat chuige sin ach gaoth an fhocail a fháil.

Is sinne, le dea‐mhéin,
thar ceann Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí

Cathaoirleach: Roibeard Ó hEartáin, Co. Chiarraí
Rúnaí: Máire Seó Breathnach, Co. Phort Láirge
Oifigeach Caidrimh Poiblí: Aoileann Nic Dhonncha, Átha Cliath Theas
Suíomh Idirlín: Seán Ó Daimhín, Co. Dhún na nGall
Meáin Shóisialta: Oonagh Ní Chéileachair, Co. Mhaigh Eo

COFG: An Rúnaí:
Máire Seó Breathnach, Baile na Móna, Béal Abha, Aird Mhór, Co. Phort Láirge.

2014 Litir chuig an Taoiseach, Éanna Ó Cionnaith TD (121kb)