Skip to main content

Author: Roibeard Ó hEartáin

Éirí as post an Choimisinéara Teanga, 2013

Tubaiste ollmhór é Seán Ó Cuirreáin a chailliúint mar Choimisinéir Teanga d’fhorbairt seirbhísí Gaeilge sa líne tosaigh” a deir Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge (COFG) ón earnáil phoiblí. “Fágann seo go mbeidh easpa foirne le hinniúlacht in dhá theanga oifigiúla an Stáit fós ag cur laincisí ar eagraíochtaí stáit a gcuid seirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge san am amach romhainn. Éilímid ar an Taoiseach Enda Ó Cionnaith agus ar an Rialtas gníomhú láithreach chun muinín a chothú athuair i dtacaíocht an Stáit don Ghaeilge, teanga náisiúnta agus céad teanga oifigiúil na tíre seo.”

“Cúis díomá dúinn, in éineacht leis an gCoimisinéir, an mhoill ata curtha ar an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2013, go háirithe i bhfianaise an éilimh ó mhórán eagraíochtaí pobail agus stáit go gcuirfí córas earcaíochta úr in áit a dheimhneoidh go mbeidh daoine le Gaeilge á earcú isteach san earnáil phoiblí chun freastal ar phobal na Gaeilge , sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di” arsa Oifigeach Caidrimh Phoiblí COFG Aoileann Nic Dhonncha.

“Chomh maith le freastal ar phobal na Gaeltachta, tá Gaelscoileanna ag oscailt trasna na tíre agus tá seirbhísí Gaeilge ag teastáil chun freastal ar na hiarscoláirí seo. Caithfear níos mó béime a chur ar an nGaeilge agus earcaíocht ar siúl sna comhlachtaí poiblí ionas gur féidir linne san earnáil phoiblí ár ndualgais theanga a chur i bhfeidhm, gan chostas breise, ag an líne tosaigh mar is ceart” a deir Aoileann Nic Dhonncha.

Gabhann Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge buíochas leis an gCoimisinéir Seán Ó Cuirreáin as an gcabhair agus tacaíocht a thug sé dúinne atá i mbun oibre ag an líne tosaigh chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm san earnáil phoiblí. Is cailliúint ollmhór é Seán, mar Choimisinéir do lucht labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus é ina cheannródaí fíor‐ghairmiúil a thug ardseirbhís don gCustaiméir agus don Stát araon.

Tá leibhéal na seirbhísí trí Ghaeilge atá á chur ar fáil ag comhlachtaí poiblí sa nGaeltacht, agus lasmuigh di, ag brath go hiomlán ar dhóthain foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge a bheith ar fáil chuige sin.

Ní féidir a bheith cinnte go mbeidh foireann le hinniúlacht sa Ghaeilge ar fáil faoin gcóras mar atá, nó faoin gcóras nua atá molta ag an Rialtas le déanaí, agus dá bharr sin, tá soláthar seirbhísí trí Ghaeilge míshásúil.

Cothaíonn seo easpa muiníne in ábaltacht an Stáit seirbhísí Gaeilge d’ardchaighdeán a chur ar fáil, rud a bhaineann an bonn ó éileamh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar Sheirbhísí Gaeilge ón Stáit, ainneoin a cuid cearta faoin mbunreacht.

COFG
Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge
www.cumannofg.wordpress.com cumannofg@hotmail.com

Oifigeach Caidrimh Poiblí: Aoileann Nic Dhonncha, Co Átha Cliath Theas (086) 8228916.
Cathaoirleach: Roibeard Ó hEartáin, Co. Chiarraí (087) 7989727.
Rúnaí: Máire Seó Breathnach, Co. Phort Láirge.
Suíomh Idirlíon: Seán Ó Daimhín, Co. Dhún na nGall.
Meáin Shóisialta: Oonagh Ní Chéilleachair, Co. Mhaigh Eo

Comhdháil ag Oireachtas na Samhna, 2013

Bhí slua breá daoine i láthair ag an chomhdháil oscailte phoiblí dar teideal An DeaChleachtas sa Líne Tosaigh, a reáchtáil Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge ag Oireachtas na Samhna, i gCill Airne, Contae Chiarraí Dé hAoine 1 Samhain, 2013.

Mar chuid den chomhdháil, thug Máire Seó Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Phort Láirge, caint ar Ghradam Gnó na nDéise, agus thug Aoileann Nic Dhonncha, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Átha Cliath Theas, caint ar Shuíomh Idirlín don Chustaiméar. Sa ghrianghraf thuas, tá cuid de na hOifigigh Ghaeilge a bhí i láthair, agus iad ag freastal ar chruinniú do na hOifigigh Ghaeilge iad féin i ndiaidh na Comhdhála.

Beidh tuairisc níos cuimsithí ar an tsuíomh seo ar ball beag ar chuid de na cainteanna a tugadh ag an Chomhdháil, agus faoi chuid den phlé a bhí ar siúl ag cruinniú na nOifigeach Gaeilge ina dhiaidh.

Tá cuspóirí éagsúla ag an Chumann seo: comhoibriú a spreagadh agus a chur chun cinn idir na seirbhísí poiblí ar fad ó thaobh úsáid na Gaeilge de…

  • saineolas agus taithí na n-Oifigeach Forbartha Gaeilge a chomhroinnt agus a
    mhalartú;
  • teagmháil a bheith againn leis an mhórphobal, leis na heagraíochtaí Gaeilge agus
    le hinstitiúidí eile stáit le go mbeimid in ann caighdeán na seirbhísí Gaeilge ón
    tseirbhís phoiblí a fheabhsú agus an pobal féin a spreagadh le húsáid níos mó a
    bhaint as na seirbhísí seo.Is sinne, le dea‐mhéin,
    Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge