Skip to main content

Siobhán Seoighe

Féach an Phróifíl

Bonn

Ainm

Siobhán Seoighe

Seoladh oibre

Seomra A202, Campas Ghlas Naíon, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 9

Rphost

siobhan.seoighe@dcu.ie

Cur síos gairid

Tá Siobhán ag obair mar Oifigeach Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) .

 

BA sa Nua-Ghaeilge agus sa Luath-Ghaeilge, Choláiste na Tríonóide (TCD); Máistreacht sa Nua-Ghaeilge, Ollscoil na Gaillimhe agus teastas i mBainistíocht Tionscadail agus Nuálaíocht, IBAT.

 

Tá réimsí leathan taithí aici agus d’oibrigh sí mar Bhainisteoir Forbartha Gnó le Gaelchultúr, Bhainisteoir Imeachta ar Rith 2010 Teo agus mar Fheidhmeannach leis An Foras Pátrúnachta.

I 2011 d’fhoilsigh Glór na nGael leabhar léi ‘Ráth Chairn na Gréine: Bailiúcháin amhrán agus dánta ó Ghaeltacht Ráth Chairn 1935 – 2011’.

 

Ó 2013 – 2018 bhí sí mar bhall de Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta. I 2017 bhí Comhairle nua ceaptha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus is í Siobhán a bhí ceaptha ina Cathaoirleach uirthi.

 

Cheap an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Siobhán Seoighe ar Bhord an Údaráis i Mí an Mheithimh 2015.

Nasc beo

http://www.dcu.ie/gaeilge

Institiúid

Institiúidí Oideachais