Seoladh oibre |
Oifig an Rúnaí, An Séipéal Thiar, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Faiche an Choláiste, BÁC 2
|
Cur síos gairid |
Is í Áine Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide. I measc na nithe atá faoina cúram tá cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus scéimeanna teanga na hollscoile, soláthar ranganna Gaeilge do mhic léinn agus do bhaill foirne, bainistíocht a dhéanamh ar Scéim Cónaithe ina gcuirtear lóistín lán-Ghaeilge ar fáil do 30 mac léinn, seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil don ollscoil, imeachtaí cultúrtha agus sóisialta a eagrú, tacú le Cumann Gaelach na mac léinn, comhairle a chur ar fáil maidir le cúrsaí teanga, srl.
Tá céim sa Fhraincis agus sa Bhéarla ag Áine, Dioplóma sa Ghaeilge agus máistreacht in Ardscileanna Teanga ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
|