Seoladh oibre |
Oifig an Uachtaráin Ionaid & Meabhránaí, Ollscoil na Gaillimhe
|
Cur síos gairid |
Tá Caroline ceaptha mar Oifigeach Gaeilge in Ollscoil Gaillimhe agus é mar aidhm aici fís na hOllscoile don Ghaeilge a stiúradh, stádas agus próifíl na Gaeilge a fheabhsú, agus feasacht agus inniúlacht teanga a fhorbairt agus a spreagadh i measc phobal Ollscoil na Gaillimhe, na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá BA sa Ghaeilge Fheidhmeach agus MA san Fhoghlaim agus Forbairt d’Aosaigh bainte amach ag Caroline le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, chomh maith le cúrsaí eile i réimse na Teicneolaíochta Faisnéise agus i gComhairle agus Treoir um Oideachas Aosach.
|