Skip to main content

Seoladh oifigiúil suíomh idirlíon nua Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge COFG

B’ábhar áthais do Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge (COFG) a suíomh gréasáin nua a sheoladh go hoifigiúil ar an Luan 26 Aibreán 2021. B’é an tUasal Éamonn Ó hArgáin, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha le Foras na Gaeilge, a dhein an seoladh oifigiúil trí chruinniú físchomhdhála ar ar fhreastal os cionn dhá scór duine.

Gréasán tacaíochta des na hOifigigh Forbartha Gaeilge atá ag obair i gcomhlachtaí poiblí ar fud na tíre is ea Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge agus seo an chéad uair don gCumann suíomh idirlíon oifigiúil dár gcuid féin a bheith acu. Gabhann an Cumann buíochas le Foras na Gaeilge as ucht a gcuid maoinithe, rud a chuir ar a gcumas tabhairt faoin dtionscnamh rí-thábhachtach seo.

Agus é ag seoladh an tsuímh, dúirt Éamonn Ó hArgáin go raibh áthas air an suíomh nua seo a sheoladh go hoifigiúil, mar gur áis iontach a bheadh ann d’Oifigigh Ghaeilge ar fud na tíre. Dúirt sé go raibh an-obair ar siúl ag Cumann na nOifigeach Gaeilge agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh aitheantas cuí tugtha don gCumann mar ghréasán tacaíochta dos na hOifigigh Ghaeilge atá ag feidhmiú san earnáil phoiblí. Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge go raibh sé tábhachtach go bhfuil Foras na Gaeilge ag tacú le Cumann na nOifigeach Gaeilge san obair atá ar siúl acu.

Tá dhá chuspóir ag an suíomh idirlíon nua seo:

  • Feidhmeoidh www.cofg.ie mar mhol lárnach do phobal na Gaeilge i gcoitinne, áit a bhfaighfidh siad sonraí teagmhála agus eolas mar gheall ar na hOifigigh Ghaeilge sna comhlachtaí poiblí éagsúla; daoine a fheidhmíonn mar chara sa chúirt ina n-eagraíochtaí éagsúla (údaráis áitiúla, ranna rialtais, institiúidí tríú leibhéal agus an státseirbhís) agus trasna an earnáil phoiblí dóibh siúd gur mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
  • Feidhmeoidh cofg.ie mar fhóram plé, mar fhoinse acmhainní agus mar ghréasán tacaíochta dos na hOifigigh Fhorbartha Gaeilge féin fud fad na tíre.

Ba mhaith le Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge buíochas a ghabháil leis an uasal Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach; leis an uasal Éamonn Ó hArgáin, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha; agus leis an uasal Pádraig Ó Conghaile, Oifigeach sa Rannóg Pobal & Gnó le Foras na Gaeilge, a thug mór-thacaíocht dúinn le linn na hoibre.

Seoladh oifigiuģil suiģomh idirliģon nua COFG Preasraģiteas (PDF)