Skip to main content

COFG

Gréasán tacaíochta agus urlabhra d’Oifigigh Forbartha Gaeilge san Earnáil Phoiblí & Stáit ar oileán na hÉireann, is ea Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge (COFG).

Mar chuid dár ndualgais, tacaímid lenár n-eagraíochtaí féin san earnáil phoiblí chun Seirbhísí Custaiméara a sholáthar trí Ghaeilge de réir ár Scéimeanna Gaeilge agus de réir Forálacha, Rialacháin agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tacaíonn an gréasán lena chéile tríd eolas a roinnt, taithí a mhalartú, agus cur chuige comónta a phlé agus a aontú ar mhaithe le dea-chleachtas, éifeachtacht agus luachairgid.

Deintear seo go príomhdha ag comhdháil bhliantúil, ag seimineár ag an Oireachtas, ag comhoibriú le hOifig an Choimisinéara Teanga, eolas a chur ar shuíomh idirlín an chumainn a agus ráitis agus moltaí a eisiúint de réir mar is cuí.

Plécháipéis COFG – Meán Fómhair 2017

Plechaipeis
Plechaipeis

Tá plécháipéis comhaontaithe ag baill Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge ar fail ag an
nasc thíos. Tá Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge curtha ar bun le go mbeadh
comhoibriú, cumarsáid, agus malartú eolais idir na hOifigigh Forbartha Gaeilge sa tseirbhís
phoiblí le go mbeifí in ann feabhas a chur ar na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge don phobal.

Plécháipéis COFG (9280kb)