COFG
Gréasán tacaíochta agus urlabhra d’Oifigigh Forbartha Gaeilge san Earnáil Phoiblí & Stáit ar oileán na hÉireann, is ea Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge (COFG).
Mar chuid dár ndualgais, tacaímid lenár n-eagraíochtaí féin san earnáil phoiblí chun Seirbhísí Custaiméara a sholáthar trí Ghaeilge de réir ár Scéimeanna Gaeilge agus de réir Forálacha, Rialacháin agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Tacaíonn an gréasán lena chéile tríd eolas a roinnt, taithí a mhalartú, agus cur chuige comónta a phlé agus a aontú ar mhaithe le dea-chleachtas, éifeachtacht agus luachairgid.
Deintear seo go príomhdha ag comhdháil bhliantúil, ag seimineár ag an Oireachtas, ag comhoibriú le hOifig an Choimisinéara Teanga, eolas a chur ar shuíomh idirlín an chumainn a agus ráitis agus moltaí a eisiúint de réir mar is cuí.
Coiste COFG 2024
Cathaoirleach: Éamonn de Barra – Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan,
Rúnaí: Máire Seó Breathnach – Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge
Aileen Loughrey – Oifigeach Gaeilge, Comhairle Contae Chorcaí
Siobhán Seoighe – Oifigeach Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU)
Emmet Ó Fatharta – Oifig na Gaeilge, An Phríomh-Oifig Staidrimh
Chris Dorgan – Oifigeach Forbartha Ghaeilge le Comhairle Cathrach Chorcaí
Fionnuala Nic Pháidín – Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Mhaigh Eo
Jack Gleeson – Oifigeach Ghaeilge
Dónal Ó Gallachóir – Bainisteoir Stratéise Gaeilge sa tSeirbhís Chúirteanna
Plécháipéis COFG – Meán Fómhair 2017
Tá plécháipéis comhaontaithe ag baill Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge ar fail ag an
nasc thíos. Tá Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge curtha ar bun le go mbeadh
comhoibriú, cumarsáid, agus malartú eolais idir na hOifigigh Forbartha Gaeilge sa tseirbhís
phoiblí le go mbeifí in ann feabhas a chur ar na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge don phobal.