Gráinne Ní Bhreithiún
Féach an Phróifíl
Bonn
Ainm | |
Seoladh oibre | OT Baile Átha Cliath – Gráinseach Ghormáin, D07 H6K8, Éire. gaeilge@tudublin.ie |
Rphost | |
Fón oibre | |
Cur síos gairid | Tá Gráinne Ní Bhreithiún ag obair mar Oifigeach Gaeilge in OT Baile Átha Cliath / TU Dublin ó 2014. Tá bunchéim aici sa Nua-Ghaeilge agus sna Meáin Chumarsáide, Dioplóma i Múineadh na Gaeilge do Dhaoine Fásta agus PhD aici ina ndearna sí iniúchadh ar an Dátheangachas Sochaíoch in Éirinn, cáilíochtaí a bhronn Ollscoil Mhá Nuad uirthi. Is í OT Baile Átha Cliath, Oifig na Gaeilge an oifig atá freagrach as úsáid, infheictheacht, oiliúint agus as stádas na Gaeilge a fhorbairt i measc mhic léinn agus bhaill foirne de chuid Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Baintear na spriocanna seo amach trí raon leathan de thionscadail lena n-áirítear: ~ ranganna Gaeilge agus deiseanna le cáilíocht ó thaobh cumas teanga a bhaint amach a eagrú ~ scoláireachtaí do bhaill foirne agus do mhic léinn le freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht a stiúradh ~ tionscnaimh mac léinn a eagrú ~ imeachtaí sóisialta is cultúrtha a chuireann úsáid na Gaeilge chun cinn a éascú ~ seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil ~ maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh ar dhualgais na hOllscoile i dtaca le hAcht na dTeangacha Oifigiúla |
Nasc beo | |
Institiúid | Institiúidí Oideachais |